Tá Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 1 – 17ú Márta.

An tseachtain seo i Scoil Náisiúnta Cill Lachtain bhí daltaí i mbun roinnt gníomhaíochtaí Gaeilge;

‘Tóg ar na múinteoirí’ le frásaí Gaeilge ‘go raibh maith agat’ / ‘le do thoil’ / ‘tá fáilte romhat’ / ‘maith thú’ agus ‘gabh mo leithscéal’, Chruthaigh Gaeilgeoirí an lae ó gach rang 3 – 6ú, rinne rang 2 – 4 póstaeir léirithe cainte, d’fhéach siad ar chartún i nGaeilge i rith an lae, comhtháthú na Gaeilge le hábhair eile (Béarla, stair srl), chruthaigh siad comórtas pictiúr do Ghlór na nGael.

  • Rinne rang 3 – 6 tráth na gceist boird. Comhghairdeachas leis na buaiteoirí; Luiz Clere Gomes, Shayne Sheehy, Ellie Enright agus Joey Griffin
  • Bhí cluiche biongó ag ranganna 1 & 2; Comhghairdeachas le Noah Colbert a fuair teach lán
  • Tháinig na ranganna le chéile chun cluichí cláir a imirt as Gaeilge
  • Bhí céilé/Dioscó againn ar an Aoine sa halla

Míle buíochas do Bhean Claire O’Farrell as na himeachtaí ar fad a eagrú agus do chomhairle na ndaltaí as cabhrú linn